Wednesday 24th May

Top buttonHomeContactLinksFeedbackDonationsWinnersRecipientsCommitteeBottom Button

Enter Amount of Donation:

 



make a donation to Taca

Taca - supporting Irish language


roisenibhaoill

Róise Ní Bhaoill, is cainteoir dúchais as Rann na Feirste, agus is comhalta foirne sinsearach le Iontaobhas Ultach í, eagras a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar bhonn tras phobail.



seamusmacseain

Séamus Mac Seáin, Cathaoirleach. Duine de bhunaitheoirí na céad bunscoile i dtuaisceart na tíre, a bunaíodh i mBéal Feirste sa bhliain 1971. Thuig sé tábhacht na Gaeilge mar gnáth theanga laethúil in áit ábhar scoile, agus ar an ábhar sin, bhunaigh sé i bpáirt le ceannródaithe eile Gaeltacht na cathrach, an chéad iar bhunscoil agus an céad lárionad d'ealaíona na Gaeilge i mBéal Feirste, Cultúrlann MacAdam/Ó Fiaich.

seanmacgoill

Seán Mac Goill, is ailtire atá anois ar phinsean Seán agus is gníomhaire teangan é le blianta fada. Sholáthair sé seirbhísí pleanála agus deartha do thograí pobail agus tograí Gaeilge le breis is 40 bliain.


piliboruanai

Pilib Ó Ruanaí, Príomhfheidhmeannach. Tá céim sa Cheiltís aige ó Ollscoil na Ríona. Bhunaigh sé Scoil an Droichid, an chéad Ghaelscoil i ndeisceart Bhéal Feirste agus is é cathaoirleach An Droichead, eagras Gaeilge i ndeisceart Bhéal Feirste.


Máirtín MacCathmhaoil, Is é Máirtín duine de bhunaitheoirí scoil Mhic Reachtain agus Cumann Chultúrtha Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste. Is ball foirne sinsearach anois é le Foras na Gaeilge


Séan Mag Uidhir, is chairperson of Iontaobhas na Gaeilge, the fund for Irish medium education, which was established to help support the development of Irish medium education in the North. He is presently employed by the Daily Ireland newspaper and a past editor of the North Belfast News, part of the Andersonstown News Group of newspapers, which includes the Irish language newspaper Lá.